St Bridget’s Day

Anois teacht an EarraighSt Brigid's Cross, via flickr

le Antaine Ó Raifteirí (1784-1835)
(source | translation)

Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
Is tar eis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.

I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
Is i mBalla taobh thíos de ‘thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth’ Mhóir.

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar ‘scaipeas an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach a’Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D’imeodh an aois díom is bheinn arís óg.