Tá stair déanta maidin Lá Fhéile Pádraig i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Rinneadh stair maidin inniú, nuair ar thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh síos a chéad bhreithiúnas as Gaeilge. I gCás C-64/20 UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus An tArd-Aighne, chinn an chúirt go bhfuil sé de cheangal ar chúirt de chuid Ballstáit leas a bhaint as an gcumhacht arna deonú di faoin dlí náisiúnta chun dearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Stát sin treoir de chuid an Aontais Eorpaigh i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas. Tá an breithiúnas iomlán as Gaeilge anseo. Sa físeán sa tvuít thíos, tá an Breitheamh Ríagáin ag fógairt achoimre ar bhreithiúnas na Cúirte:


Dúradh gur comhtharlú sona é gur tugadh an breithiúnas stairiúil seo ar Lá Fhéile Pádraig – beannachtaí na féile daoibh go léir!